DFA Logo

Bogadh an t-ábhar seo ón
Roinn Gnóthaí Eachtracha
go Ireland.ie. Mura n-atreoraítear i gceann cúig mheandar thú, gliogáil anseo.

Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie.

Duine ar iarraidh thar lear

Má cheapann tú go bhfuil cara nó gaol leat ar iarraidh thar lear, is féidir linn comhairle agus cúnamh praiticiúil a thabhairt duit faoi céard is féidir leat a dhéanamh.

Déan teagmháil leis na Gardaí

Is é an chéad rud is ceart duit a dhéanamh má cheapann tú go bhfuil duine ar iarraidh ná teagmháil a dhéanamh le stáisiún áitiúil na nGardaí in Éirinn agus tuairisc faoi dhuine ar iarraidh a chomhdú. Cuirfidh na Gardaí an tuairisc sin ar aghaidh go dtí Interpol, an t-údarás póilíneachta idirnáisiúnta cuí a dhéanann comhordú ar chuardaigh do dhaoine atá ar iarraidh agus a théann i gcomhairle le fórsaí póilíneachta coigríche.

Is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh le hOifig na Gardaí um Idirchaidreamh le Interpol ar an ríomhphost: missing_persons@garda.ie nó glaoch teileafóin a chur ar +353 1 666 2615.

Teagmháil a dhéanamh lenár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí

Is féidir lenár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí thar lear fiosrúcháin a dhéanamh faoi leas nó láthair duine de mhuintir na hÉireann thar lear.

An méid is féidir linn a dhéanamh

  • Is féidir linn cabhrú leat dul i dteagmháil leis na póilíní cuí nó le húdaráis eile sa tír atá i gceist.
  • Is féidir linn eolas a thabhairt duit faoi eagraíochtaí neamhrialtasacha nó gníomhaireachtaí eile a d'fhéadfadh a bheith in ann cuidiú le cuardach.

An méid nach féidir linn a dhéanamh

  • Ní féidir linn imscrúduithe mionsonraithe a dhéanamh ná cuardaigh fisiciúla a eagrú. Is faoin údarás áitiúil inniúil atá sé é sin a dhéanamh.