An Roinn Gnóthaí Eachtracha - Deiseanna Soláthair Phoiblí le haghaidh Soláthraithe

Beartas Soláthair

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha go hiomlán tiomanta do phrionsabail na cothromaíochta, na trédhearcachta agus na freagrachta i soláthar poiblí chomh maith le luach ar airgead a aimsiú don cháiníocóir.  Nós imeachta caighdeánach le haghaidh gach ceannach is ea córas tairiscintí iomaíoch, agus tugtar faoi i ndianchomhlíonadh le gach riail infheidhmithe soláthair náisiúnta agus an AE. 

Cuireann an Roinn fáilte roimh ghnó trí Ghaeilge, agus glacfar le tairiscintí as Gaeilge.  

An dóigh a gCeannaímid

Díláraítear ceannach go haonaid ghnó na Roinne agus a gcuid Misean thar sáile, faoi réir mhaoirseacht ghinearálta ag Rannóg Seirbhísí Corparáideacha na Roinne lena n-áirítear Aonad Soláthair tiomnaithe. 

Ní mór do gach ceannach earraí agus seirbhísí a bheith de dhroim próisis iomaíoch, ach amháin in imthosca áirithe teoranta eisceachtúla. Is iad seo a leanas na modhanna tairisceana a mbaintear úsáid astu agus aird acu ar luach measta an chonartha:

  • Níos lú ná €5,000: Iarrtar meastacháin ó thriúr soláthraithe iomaíocha ar a laghad agus glactar leis an meastachán atá ar an gcostas is oiriúnaí nó is ísle.  
  • Idir €5,000 agus €25,000: Scaiptear sonraíochtaí ar thriúr soláthraithe ar a laghad trí r-phost/facs ar lorg meastachán i scríbhinn. Meastar tairiscintí go hoibiachtúil i gcomhthéacs na riachtanas sonraithe agus roghnaítear an tairiscint is oiriúnaí. 
  • Ceannacháin TFC níos mó ná €10,000: Fógraítear gach ceannachán bogearraí/crua-earraí TFC a théann thar €10,000 ar an láithreán Gréasáin r-thairiscintí.  
  • Idir €25,000 agus €125,000 Is é an gnáthnós imeachta le haghaidh ceannachán sa réimse seo ná próiseas tairisceana fógraithe a bheith ann trí úsáid a bhaint as an láithreán Gréasáin r-thairiscintí. Is é an aidhm atá le conarthaí a fhógairt sa réimse seo ná rochtain a mhéadú ar ghnó na Roinne ag Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide ar fud oileán na hÉireann.  Is féidir, áfach, go mbeidh ar an Roinn scaradh ó ghnáthnósanna imeachta agus tairiscintí a iarraidh go díreach ó roinnt oibeoirí roghnaithe gan fógraíocht a dhéanamh mar gheall ar imthosca eisceachtúla a bheith ann.    
  • Níos mó ná €125,000:  Tugtar faoi phróiseas tairisceana foirmeálta fógraíochta trína bhfoilsítear glaonna ar thairiscintí ar thairseach soláthair Rialtas na hÉireann (www.e-tenders.gov.ie) agus in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (www.ted.europe.eu). Bronntar conarthaí dar luach níos mó ná an tairseach seo de réir riachtanais Threoir AE 2004/18/CE faoi mar a trasuíodh i nDlí na hÉireann iad ag na Comhphobail Eorpacha (Conarthaí Údarás Poiblí a Dhámhachtain) 2006 (I.R. 329 de 2006).  

Conas rochtain a fháil ar dheiseanna

Tá sé mar bheartas ag an Roinn úsáid a bhaint as láithreán Gréasáin ceannaigh an rialtais www.e-tenders.gov.ie le haghaidh gach tairisceana fógraithe. Ba chóir do sholáthraithe/sholáthraithe seirbhísí a bhfuil spéis acu i monatóireacht a dhéanamh ar dheiseanna ionchasacha gnó clárú ar an mbunachar sonraí r-thairiscintí ionas go bhféadfaí iad a chur san airdeall nuair a fhoilsítear tairiscint a bhaineann lena réimse féin gníomhaíochta. I gcuid mhór cásanna fógraíonn an Roinn anois ar r-thairiscintí amháin gan fógraíocht ar bith nuachtáin. Tá clárú ar bhunachar sonraí soláthraithe r-thairiscintí saor in aisce. 

Is féidir breathnú ar shonraí thairiscintí reatha na Roinne agus ar na cinn a chuaigh thart saor in aisce ar an láithreán Gréasáin r-thairiscintí. Tá sé mar bheartas ag an Roinn freisin úsáid a bhaint as na saoráidí ceisteanna agus freagraí agus bosca poist leictreonaigh ar an láithreán Gréasáin r-thairiscintí.

Barr

Nithe Gaolmhara

Naisc Ghaolmhara

Ailt Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr